|
:: Gaeilge ::
Ag Déanamh Iarratais chuig Bord Fiontar i leith Deontais
D’fhéadfadh fiontair bheaga nua agus cinn reatha sna rannóga incháilithe
déantúsaíochta agus seirbhísí trádála idirnáisiúnta tairbhe a bhaint as
deontas staidéir caipitil, fostaíochta nó féidearthachta óna mBord
Fiontar Cathrach/Contae. Bheadh fiontair le níos lú ná deichniúr
fostaithe lánaimseartha incháilithe agus níl aon srian ar an leibhéal
infheistíochta. D’fhéadfadh fáil a bheith ar dheontais caipitil do
cheannach innealra nua agus fearas, d'ionad oibre nua a thógáil nó
síneadh a chur leis an gceann atá ann cheana nó deontais fostaíochta a
bheith ar fáil i leith féinfhostaíocht nó earcaíocht foirne breise
lánaimseartha. Tá deontais staidéir féidearthachta le fáil nuair a
theastaíonn ón tionscnóir inmharthanacht an ghnó nua a mheas, suirbhé
margaíochta a dhéanamh, dul i mbun forbartha táirge nó fréamhshamhla nó
go deimhin comhairliúchán seachtrach a cheannach le cabhrú i measúnú an
táirge nua nó éagsúlú fiontair.
Tá riachtanais áitiúla aitheanta ag chuile Bhord agus
tosaíocht tugtha acu dá ngníomhréimse, ag aithint rannóga a bhfuil sé i
gceist forbairt a dhéanamh orthu idir anois agus deireadh 2006. Is gné
ar leith é seo de na Boird Cathrach agus Contae, go bhfuil solúbthacht
acu, laistigh de theorainneacha polasaí náisiúnta, tacú le tionscnaimh
áitiúla atá de réir Plean Gníomhaíochta Bhord Fiontar Chontae Thiobraid
Árann Thuaidh. Ní raibh sé chomh furasta ariamh iarratas a déanamh ar
chabhair deontais mar tá eolas mionsonraithe ag formhór na mBord faoi na
raon tacaíochtaí atá ar fáil uathu ar a suímh idirlín acu chomh maith
leis an áis iarratas ar líne. Socraítear cuairt suímh leis an tionscnóir
nuair a fhaightear iarratas deontais leis an togra gnó a phlé go mion.
Go deimhin is iondúil go mbíonn deis ag an iarrthóir siúl isteach in
Ionad Eolais Gnó ina bhfuil Oifigeach Forbartha Gnó atá lánsásta treoir
a thabhairt le foirmeacha iarratais a líonadh, clárú do cháin, an t-ainm
gnó a chlárú, an cuideachta a chorprú chomh maith le heolas a thabhairt
faoi thacaíochtaí airgeadais agus neamhairgeadais atá ar fáil ón mBord
agus ó eagraíochtaí/gníomhaireachtaí eile.
Aithnítear riachtanais an iarrthóra de ghnáth ag an tús
agus ofráiltear roghanna ó chairt tacaíochta nó bearta oiliúna i leith
bainistíochta nó easpaí eile ar nós pleanáil airgid, costáil, margaíocht,
dearadh, maoin intleachtúil, ríomhthráchtáil agus rle. Tá ceardlanna
oiliúna grúpa, comhairliúchán aon lena haon nó meascán den phéire ar
fáil le dul i ngleic le riachtanais oiliúna/eolais an fhiontraí.
Tá foirm iarratais shimplí ag na Boird leis an eolas
riachtanach a bhailiú le cáilitheacht an tionscnaimh a mheas. Tá eolas
sa bhfoirm faoin doiciméadú a theastaíonn i dtaca leis an togra ar nós
curriculum vitae, luachana, orduithe ar aghaidh, cuntais staire (i gcás
gnólachtaí reatha), cuntais fortheilgthe (2 bhliain – gach iarrthóir),
deimhniú ar chorprú (cuideachta amháin), grianghrafanna/samplaí táirge,
sceideal infheistíochta (liosta fearais, costais tógála foirgníochta/mionathraithe,
caipiteal oibre rle). I gcás Staidéar Féidearthachta, teastóidh
meastachán ar tháille an chomhairleora/na gcomhairleoirí roghnaithe a
thabharfas léargas ar réimse an taighde/na hoibre a bhéas le déanamh
agus ar na costais a bhaineas leis. Tá mionsonraí an réamhthaighde/taighde
deisce a déanadh roimh dáta an iarratais riachtanach freisin.
Tugann Coiste Meastóireachta neamhspleách breithiúnas ar na hiarratais
uilig agus comhairlíonn siad an Bord ó thaobh inmharthanacht tráchtála,
an bhfuil an t-ábharthacht/comhsheasmhacht áitiúil de réir Plean
Gníomhaíochta an Bhoird, polasaí náisiúnta agus nithe eile. Déanfar
marbhualach agus asáitiú a phlé ag an tráth seo freisin. Cuirfear moladh
an Choiste Meastóireachta ar aghaidh ansin chuig an mBord le meas agus
má ghlacann siadsan leis seoltar litir tairisceana/aontú deontais chuig
an iarrthóir láithreach tar éis chruinnithe an Bhoird chomh maith le
pacáiste éilimh ar dheontas iomlán. Tá mí ag gach deontaí le glacadh
leis an tairiscint cabhrach agus suas le 6 mhí de ghnáth leis an togra
gnó a chur i bhfeidhm. Tréimhse naoi mí atá ann do thairbhithe deontais
fostaíochta. Tá cabhair ar fáil do dheontaithe chun na deontais
ceadaithe a tharraingt anuas, chun foirmeacha a líonadh, iarratas a
dhéanamh ar dheimhniú glanta cánach, nó aimsiú árachais rle. Nuair a
dhiúltaítear cabhair airgid tá sé de pholasaí ag an mBord gach iarracht
a dhéanamh freastal ar riachtanais an iarrthóra ó thaobh comhairle,
eolas agus oiliúint, beag beann ar rannóg. I gcásanna áirithe, cuireann
an Bord tionscnaimh ar aghaidh chuig gníomhaireachtaí eile a d’fhéadfadh
tacaíocht airgid a thabhairt. Má tá tú ag smaoineamh do ghnó beag féin a
thosaí nó a leathnú ba chóir duit dul i dteagmháil leis an mBord Fiontar
Cathrach nó Contae áitiúil. Cúnamh Airgid
Deontais Caipitil agus Fostaíochta
Miosúr 1 – Cúnamh Airgeadais Roghnach Réamhrá
Faoin Miosúr seo, tá scéim ag an mBord dírithe ar chabhair a thabhairt
trí dheontais caighdeánacha agus cabhair inaisíoctha – caipitil nó
fostaíochta – do bhunú tionscnaimh eacnamaíochta ar scála beag agus é
mar phríomhaidhm acu postanna buana a chruthú agus a chothabháil chomh
maith leis an infreastruchtúir eacnamaíochta a fhorbairt ag an leibhéal
áitiúil. Beidh sé mar aidhm ag an mBord freisin:
-
Fostaíocht agus féidearthacht bhreisluacha na
mionfhiontar a uasmhéadú,
-
Cuidiú le hiomaíocht náisiúnta,
-
Nach mbeifí ag brath chomh mór ar rannóga
eacnamaíochta traidisiúnta nó cinn atá ag dul i laige,
-
Tacú le páirtíocht níos mó ón dream dífhostaithe
agus ó mhná i gcothú agus i bhforbairt fiontar,
-
Deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i gceantair
nach bhfuil chomh forbartha sin agus i gceantair scoite le forbairt
réigiúnda cothromaithe bhreisluacha agus buanseasmhacht a bhaint
amach.
Cineálacha Cabhrach Airgeadais
Faoi Mhiosúr 1 (Cúnamh Airgeadais Roghnach) den Mhiosúr Mionfhiontair
den Chlár Oibríochtúil Réigiúnda 2000-2006 tá an Bord ábalta na
cineálacha cabhrach airgid seo a thairiscint:
-
Deontais Caipitil
-
Deontais Féidearthachta
-
Deontais Fostaíochta
Tá coinníollacha agus teorainneacha ar leith ag baint le
heisiúint na nDeontas Caipitil, Féidearthachta agus Fostaíochta mar atá
leagtha síos sa Chlár Comhlánaithe athmheasta do réigiúin An Teorainn,
Lár Tíre agus an Réigiún Thiar (BMW) agus réigiúin Theas agus Thoir
(S&E) an Bhoird ón 1 Iúil 2004. Is iad na teorainneacha ná:
• Deontais Caipitil
• I réigiún An Teorainn, Lár Tíre agus an Réigiún
Thiar, tá Deontas Caipitil suas go dtí 50% de shócmhainní seasta
incháilithe nó €75,000. Caithfidh aon phíosa den deontas os cionn
40% de na sócmhainní seasta incháilithe a bheith i bhfoirm
inaisíoctha.
• Sa réigiún Theas agus Thoir (a áiríonn Tiobraid Árann Thuaidh), tá
Deontas Caipitil suas go dtí 50% de shócmhainní seasta incháilithe
nó €75,000. Caithfidh aon phíosa den deontas os cionn 35% de na
sócmhainní seasta incháilithe a bheith i bhfoirm inaisíoctha.
Tá socrú déanta nach mbeidh an srian €127,000 atá ann ar
infheistíochtaí (gan ceadú Roinne) i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2004. Ach,
caithfidh na Boird a bheith aireach le costais mharbhualaigh a
sheachaint nuair atá siad ag cuimhniú tacú le tionscnaimh mhóra.
• Deontais Fostaíochta
• D’fhéadfadh €7,500 a bheith le fáil i ndeontais fostaíochta do gach
post (suas go dtí 10 bpost) ag tionscnaimh incháilithe i réigiún An
Teorainn, Lár Tíre agus an Réigiún Thiar agus an Réigiún Theas &Thoir.
• Is féidir deontais fostaíochta a eisiúint ar bhonn neamhinaisíoctha nó
inaisíoctha (go hiomlán nó ina sciar).
Roghnú Tionscnaimh
Tá breithmheas córasach ag Bord Fiontar Chontae Thiobraid Árann Thuaidh
ar gach togra tionscnaimh. Déanann an Coiste Meastóireachta an chéad
iarratas a mheas agus cuireann siad moladh chuig an mBord faoin leibhéal
agus cineál cabhrach a theastaíonn bunaithe ar roinnt gnéithe ar a n-áirítear
na príomhchritéir roghnach seo a leanas:
-
Caighdeán an phlean tionscnaimh agus an t-ábharthacht
áitiúil agus na buntáistí eacnamaíochta atá aige
-
Inmharthanacht thráchtála an fhiontair agus an
phlean tionscnaimh
-
Infhaighteacht airgid comhoiriúnach/staid maoinithe
reatha an fhiontair agus na foinsí maoinithe atá beartaithe
-
Costéifeacht an togra
-
Cabhair an phlean do fhorbairt an fhiontair ó thaobh
acmhainn inmheánaigh
-
Féidearthacht mharbhualaigh agus asáitithe
-
An tionchar ar bhochtaineacht, cothromaíocht,
forbairt tuaithe agus an comhshaol.
Tá na critéir bhreise seo a leanas do roghnú tionscnaimh
agus leibhéil dhreasachta leagtha síos ag an Roinn Fiontar, Trádála agus
Fostaíochta agus dearbhaithe sa Chlár Oibríochtúil Réigiúnda don
Deisceart agus an Oirthear agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006
a deireann go gcaithfidh:
1. Tús áite a bheith ag seirbhísí trádála
déantúsaíochta agus seirbhísí idirnáisiúnta a bheadh ina n-aonáin
easpórtála láidre le himeacht aimsire agus a shroicheadh punann
Fiontraíocht Éireann.
2. Tionscnaimh turasóireachta a bheadh dírithe ar chuairteoirí ón
iasacht go príomha.
3. Tionscnaimh seirbhísí áitiúla a chothaíonn daoine dífhostaithe nó
daoine a chaill a bpostanna le deireanas maraon le mná atá ag dul ar
ais ag obair - ní mór do thionscnaimh mar iad marbhualach agus
asáitiú a sheachaint agus gan dul thar 25% d’acmhainn ceadaithe
bliantúil an Bhoird.
Leibhéil Dhreasachta atá i bhFeidhm ón 1 Iúil 2004
1. Deontas Caipitil suas go dtí 50% de
shócmhainní seasta incháilithe nó €75,000. Caithfidh aon phíosa den
deontas os cionn 35% de na sócmhainní seasta incháilithe a bheith i
bhfoirm inaisíoctha.
2. Deontais Fostaíochta ar uasmhéid €7,500 do gach fostaí de
dheichniúr fostaí sna cásanna amháin gur féidir a thaispeáint go
soiléir nach bhfuil aon ghanntanas oibre ann. Ní
féidir níos mó ná 25% d’acmhainn ceadaithe bliantúil an Bhoird a
bheith ina ndeontais fostaíochta.
3. 50% den chostas a bhainfeadh le staidéar féidearthachta nó
réiteach plean gnó suas go dtí uasmhéid de theorainn €5,100
an tionscnamh.
4. Caithfidh aon sciar den chabhair Deontais os cionn 35% a bheith i
bhfoirm inaisíoctha.
Cabhair Inaisíoctha
Ó tugadh isteach an chabhair inaisíoctha ar an 1 Eanáir 2000, tá ar an
mBord a theacht suas le pacáiste dhreasachta comhcheangailte, ar a n-áirítear
deontais caipitil agus cabhair inaisíoctha atá de réir critéir nua na
Roinne mar atá sonraithe thuas. Tá na treoirlínte seo a leanas glactha
ag Bord Fiontar Thiobraid Árann Thuaidh maidir le tairiscint cabhrach
inaisíoctha.
1. Ní bhainfidh Cabhair Inaisíoctha ar dtús ach le
deontais caipitil a bheidh mar infheistíocht i bhforbairt suímh agus
obair thógála agus ceannach innealra agus fearas.
2. 36 mí an tréimhse socraithe aisíocaíochta is faide a bheidh ann
3. I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfaí uasmhéid de thréimhse 60 mí a
thabhairt in ionad an 36 mí do thionscnaimh pobail.
4. Ní bheidh aon ráta úis (0%) ar aon tionscnamh ar dtús agus
déanfar athbhreithniú bliantúil ar na teorainneacha seo ach ní
bheidh sé os cionn 6%.
5. Beidh ar dhaoine a fhaigheann cabhair inaisíoctha Gníomhas
Cúnaint agus nóta gealltanais a fheidhmiú leis an mBord sula
dtabharfar amach an chabhair inaisíoctha.
6. Tá sé socraithe freisin go n-úsáidfidh an Bord gach aisíocaíocht
a fhaightear tríd an Scéim Cabhrach Inaisíoctha go hiomlán ar
mhaoiniú dul chun cinn breise sa chabhair inaisíoctha sa todhchaí.
Conas iarratas a dhéanamh ar chabhair airgeadais?
Chun iarratas airgeadais a dhéanamh, teastaíonn foirm iarratais
comhlánaithe agus plean gnó (plean féidearthachta) agus doiciméadú
tacaíochta. Caithfidh teilgintí airgeadais a bheith áirithe san bPlean
Gnó (sreabhadh airgid dhá bhliana ar a laghad, cuntais trádála agus
brabúis agus caillteanais). Beidh ráitis airgeadais staire riachtanach i
gcás gnólachtaí reatha. Teastóidh 3 luachan agus fianaise ar chead
pleanála i gcás tionscnamh tógála. Moltar d’iarrthóirí
cruinniú a shocrú le ball d’fhoireann an Bhoird sula seolann siad an t-iarratas
ar aghaidh le treoir a fháil faoin gcaoi leis na foirmeacha riachtanacha
a chomhlánú rle. Deontas Staidéar Féidearthachta
(€5,100 uasmhéid) Tá deontais staidéar féidearthachta
le fáil faoi láthair ón mBord do thionscnaimh incháilithe ag ráta 50% nó
€5,100, cibé cé acu is lú, chun inmharthanacht tráchtála na dtionscnamh
beartaithe, na dtáirgí nó na seirbhísí a mheas. Áirítear costais ar nós
táillí comhairleoirí do thaighde margaíochta, forbairt fréamhshamhla,
meastóireacht airgeadais sna caiteachais inghlactha. Tá áis ar fáil
freisin a chúitóidh Tionscnóirí dá n-am féin ag ráta €10.00 san uair, 50
cent an míle do thaisteal agus ráta €50.00 sa ló do chothú. Níl taisteal
thar lear clúdaithe.
D’fhéadfadh tionscnaimh i reigiún An Teorainn, Lár Tíre agus an Réigiún
Thiar (BMW) cáiliú do 60% den chostas staidéar féidearthachta suas go
dtí uasmhéid €6,350 agus d’fhéadfaí 50% den chostas staidéar
féidearthachta suas go dtí €5,100 a fháil i dTiobraid Árann Thuaidh, i
réigiún an Deiscirt agus an Oirthir. Ní thugtar amach deontais
fostaíochta i bhfoirm inaisíoctha.
Na Critéir i leith Cabhrach:
Ghlac Bord Fiontar Thiobraid Árann Thuaidh leis na coinníollacha/athruithe
seo a leanas sa bhreis ar na cinn a bhí acu cheana a bhaineann le
haisbhreathnú, easpa foinsí eile tacaíochta, gnóthaí cánach, caiteachas
deimhnithe rle chun deacrachtaí neamhriachtanacha i bpróiseáil na n-éileamh
ar dheontais staidéar féidearthachta agus mí-úsáid na scéime a
sheachaint:
(1) Caithfidh an Bord a bheith sásta gur dhéan na
hiarrthóirí méid áirid taighde deisce nó eile roimh iarratas
cabhrach a dhéanamh a thabharfadh le fios go bhfuil margadh
féideartha ann don táirge nó seirbhís. Ba chóir achoimre a dhéanamh
ar aon eolas atá bailithe go dtí seo agus é a sheoladh leis an
iarratas.
(2) Go ginearálta, is iad na táillí comhairleora amháin a nglacfar
leo sa chaiteachas inghlactha agus caithfear a bheith ionraic fúthu
agus iad a dheimhniú chuig sástacht an Bhoird. D’fhéadfaí táillí
inniúchóra/cuntasóra, taighde margaíochta, forbairt fréamhshamhla nó
seirbhísí comhairleora maoine intleachta a áireamh iontu seo. Seol
ar aghaidh táillí an phlean/luachana le d’iarratas.
(3) Ní ghlacfar ach le caiteachas airgid a bhí riachtanach agus a
caitheadh ina iomláine mar chuid den staidéir féin ó thaobh ama an
duine, taisteal agus cothú agus a cuireadh ar ais do chríocha cánach
agus is 20% de chostais iomlán an staidéir an méid is mó a
thabharfar. Caithfear aontú agus glacadh le caiteachas mar seo roimh
ré.
(4) Ar chríochnú an staidéir, caithfidh an deontaí tuairisc scríofa
a sheoladh ar aghaidh, atá inghlactha do Bhord Fiontar Thiobraid
Árann Thuaidh, a leiríonn an taighde a déanadh agus na torthaí a bhí
air.
Íocaíocht an Deontais
-
Déantar íocaíocht bunaithe ar na sonraisc agus
admhálacha a cuireadh isteach (gan C.B.L.).
-
Caithfidh an caiteachas a bheith de réir an
iarratais mar a cheadaigh an Bord.
-
Caithfear Tuairisc Staidéir Féidearthachta sásúil a
sheoladh chuig an mBord roimh tharraingt an deontais.
-
Caithfear na deontais a tharraingt anuas taobh
istigh de sé mhí ó ceadaíodh iad.
-
Caithfear cloí le haon choinníollacha ar leith eile
de chuid an Bhoird roimh íocaíocht an deontais.
NÓTA:
1. Má tá deontas staidéir féidearthachta ceadaithe,
ní chiallaíonn sin go bhfuil ar Bhord Fiontar Thiobraid Árann
Thuaidh cabhair deontais infheistíochta caipitil a thabhairt, a
d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar an taighde/staidéar a déanadh.
2. Ar chríochnú an staidéir, seolfaidh an tionscnóir tuairisc faoi
thorthaí an staidéir chuig an mBord i bhfoirm atá sásúil dóibh. Tá
an tuairisc seo rúnda agus ní thabharfaidh an Bord aon eolas as do
aon tríú páirtí gan cead scríofa ón Deontaí.
Scéim Síol Chaipitil
Is féidir le duine a infheistíonn nó a thosaíonn ag obair i gcuideachta
nua aisíocaíocht cánach, a bhíonn íoctha thar tréimhse 5 bliana, a fháil
tríd an Scéim Síol Chaipitil a fheidhmíonn na Coimisinéirí Ioncaim (www.revenue.ie),
faoi réir teorainneacha ar leith. Caithfidh an chuideachta a bheith
páirteach i ngníomhaíochtaí incháilithe ar nós déantúsaíocht, seirbhísí
trádála idirnáisiúnta, fiontair turasóireachta ar leith, taighde agus
forbairt rle. Caithfidh an ghníomhaíocht a bheith deimhnithe ag
gníomhaireacht cuí ag dearbhú gur togra nua bone fida é agus leathnaíodh
an próiséas deimhniúcháin faoin Acht Airgeadais 1997 chun Boird Fiontair
Contae a áireamh.
Beidh suim ar leith ag fostaithe, daoine dífhostaithe agus daoine a
chaill a bpostanna, a raibh cáin ioncaim íoctha acu sna cúig bliana
roimhe sin, agus iad ag smaoiniú a gnó féin a thosaí nó infheistíocht a
dhéanamh i gcuideachta nua sa scéim.
Rúndacht
Beidh aon chomhráití idir Bord Fiontar Thiobraid Árann Thuaidh agus
gnólachtaí/daoine aonair a bhíonn ag lorg cabhrach go hiomlán faoi rún.
^^ back to top of page
^^
|